quarta-feira, abril 05, 2006

Deartháireacha (Irmaus)

Siúlaíonn scata fear lem chois.
Ní aithním iad. Is coimhthíoch liom iad.
Ach tusa, atá i bhfad i gcéin,
thar gaineamhlaigh, thar locha,
thar machairí, thar oileáin,
mar dheartháir a labhraim leat.
Más leatsa m`oíche,
más é do gholsa a ghoileann mo shúile,
más mar a chéile ár dhá scread,
mar dheartháir a labhraim leat.
Cé nach ionann ár bhfriotal,
agus tusa gorm, mise geal,
más cosúil ár gcneácha,
mar dheartháir a labhraim leat.
In ainneoin a bhfuil de theoranta,
in ainneoin ballaí agus claíocha,
más ionann ár dtaibhrimh,
mar dheartháir a labhraim leat.
D`aon tír amháin sinn,
aon choimheascar amháin againn beirt.
Seo dhuit mo lámh,
mar dheartháir a labhraim leat.

Poema “Irmaus” de Celso Emilio Ferreiro.
Traducido ao gaélico irlandés
por Sean UA Suilleabhain.


Pola irmandade galego-irlandesa!!
Guinness is good for you! Saúde!

Sem comentários: